Scoil Chróine Fundraiser

Your contribution makes a big difference! Thank you

Céad míle Fáilte chuig Lató nua na scoile. Táimíd tiomanta chun an deis is fearr a sholáthar do gach buachaill agus cailín i Scoil Chróine rud a chosnaíonn níos mó ná na deontais scoile a sholáthraíonn an Roinn Oideachais. Is dúshlán é seo do gach scoil in Éirinn agus ba mhaith linn i Scoil Chróine an dúshlán seo a shárú leis an bhfeachtas bailithe airgid seo.

 

Tá roinnt tionscnamh an-spreagúil beartaithe againn don scoil agus le bhur dtacaíocht beifear in ann iad seo a chur ar fáil do gach páiste ó Naíonáin Bheaga go Rang 6. Táimid i gcónaí ag iarraidh ár n-áiseanna foghlama agus ár n-acmhainní a fheabhsú do gach leanbh. Téann spraoi idirghníomhach fisiceach lasmuigh chun leasa gach buachaill agus cailín agus tá sé ríthábhachtach dá bhfolláine choirp agus shóisialta. Tá súil againn go gcuideoidh Lató Scoil Chróine linn;

· Forbairt a dhéanamh ar chlós na scoile

· Infheistiú in acmhainní oideachais

 

Anois an spraoi. Conas a bheith istigh agus seans ceann de na duaiseanna nó fiú an Pota Óir a bhuachaint!

Cosnóidh líne amháin €2.50 nó trí líne €5. Gheobhaidh tú fógra faoi bhuaiteoir na duaise seachtainiúla de €20 gach maidin Dé hAoine i ndiaidh tharraingt ó lucht tacaíochta Lató Scoil Chróine. An té a mheaitseálann an ceithre uimhir cruinn, bronnfar an Pota Óir air/uirthi. Muna mbuaitear an Pota Óir rollann sé ar aghaidh go dtí an tseachtain dar gcionn.

Tuigimid agus is mór againn an staid airgeadais atá ann faoi láthair do theaghlaigh ach tá súil againn go dtabharfaidh an rogha seachtainiúil de líne amháin ar €2.50 nó € 5 in aghaidh 3 líne deis do gach teaghlach páirt a ghlacadh i spraoí agus spleodar Lató Scoil Chróine.

Cuirfear scéal chugaibh go rialta faoi conas a ndéanann an t-airgead a bhailítear difríocht.

Míle buíochas as do thacaíocht, Is mór againn é!

 

 

Welcome to our new School Fundraiser Lotto. The commitment to provide the very best for every buachaill agus cailín in Scoil Chróine costs more than the school grants provided by the Department of Education. This is a challenge for every school in Ireland and we in Scoil Chróine want to overcome this challenge with our fundraising Lotto.

We have some very exciting initiatives planned for the school and your contribution and support will make these possible with every child from Naíonáin Bheaga to Rang 6 benefitting. We always endeavou to improve our learning facilities and resources for all children. Outdoor physical interactive play benefits all buachaillí agus cailiní and is key to their physical and social wellbeing. The Scoil Chróine Lotto Fundraiser proceeds will hopefully assist us in;

Developing our school yard

Investing in educational resources

Now to the fun part. How to be in with a chance to win one of the prizes or even the Jackpot!

One line will cost €2.50 or three lines €5. You will receive notification of the winner of the weekly prize of €20 every Friday morning drawn from all the Scoil Chróine Lotto supporters. Then there will be the Grand Jackpot which can be won by anyone who matches 4 numbers with those drawn. If the Jackpot is not won it rolls over to the next week.

We do understand and appreciate the current financial position for families but hope the weekly option of 1 line for €2.50 or €5 per 3 lines will allow all families join in the Scoil Chróine Lotto fun and excitement.

You will be regularly updated on how the monies raised makes a difference.

Many thanks for your support, It is so appreciated!

Micheál Ó Fearraigh - Príomhoide agus Coiste na dTuistí